Thursday, April 23, 2009

Dóchas Eireannach

Níl fhios agam an feargach atá mé nó trína cheile. Níl an rialtas ag tógáil an seans mhór atá acu glacadh le phobail an tír agus Náisiúin nua neamhspleách a chruthú ó luaith an ré truaillithe. Cén mhaitheas greim a choinneáil ar smidiríní stiallta ? Tuigim go bhfuil imní agus, fiú, eagla an domhain ar muintir an Rialtais. Is trua liom iad, gan amhras. Is cosúil go bhfuil siad in abhainn tapa gan ach spreotaí iad a choimeád slán. Níl an tionscnamh acu iarracht ar fíor-snámh a dhéanamh go bhruach na h-abhainne. D'fhág an ghéarchéim baincéireacht pairilis orthú. Tá súil agam go ath- fhoglaimeoidh siad conas beart a dhéanamh, agus go bhfuil an chiall agus intleacht acu an tír seo a threorú as an trá.

Monday, April 20, 2009

Ceol anseo!!

Bhí Delorentos ag seinm i Coláiste Ollscoile AC ( COAC nó UCD) an seachtain seo chaite ach ní raibh seans agam dul chuig an cheolchoirm. Bhí orm páirt a ghlacadh i gcomórtas matamaitice. Bhuaigh mé bosca coigilte álainn agus dearbhán le haghaidh leabhair. B'fhearr liom bheith ag an gceolchoirm! Tháinig na dd ó CnaG, táim lán sásta leo :) Fós ag iarraidh ceol '07, gheobhaidh mé é go luath tá súil agam.

Wednesday, April 15, 2009

Cúrsa Nua

Táim ag iarraidh cúrsa nua a dhéanamh chun mo chuid Gaeilge a fheabhsú. Níl ach cainte an lae fágtha agam agus tá mo ghramadach imithe go hIfrinn. Ach, níl fiú ám agam bualadh le mo chairde no clann mar atá. B'fheidir tar éis an bhainnis.

Tuesday, April 14, 2009

Ceol ag teacht!

Táim díreach tar éis na dd Ceol '08 agus Ceol '09 a ordú ón conradh. Ní raibh aon chóip de Ceol '07 fágtha, tá díoma orm. Táim ag tnúth le éisteacht leo! Beigh m'fhearr bréan de roimh deireadh na seachtaine!

Oh, tháinig mé trasna suíomh íontach Nós. Feach ar! Tá súil agam go bhfuil achann duine ag éisteach le raidió rí rá cheanna féin!! Bain taitneamh as!

Gaeilge le mo lón

Déanann an fearr a bhfuil i gceannas ar an mbialann i gCASL (an áit a oibrím) an-chuid iarracht Gaeilge a labhairt liom gach uile am a fheiceann sé mé. Tá a pháistí ag fomhlaim é ar scoil anois agus tá suim aige inti. Is aoibheann liom é!

Monday, March 9, 2009

No Bearla!

Ghlac mé pairt i bhfeactas 'No Bearla' i bhFeabhra. Bhí orm an geansaí glas speisíalta a chaitheamh chun go mbeadh a fhios ag an phobal ceard atá ar síuil agam. Níorbh mór dom gaeilge amháin a labhairt an seachtain ar fad. Bhí sé deacair go leor, toisc go bhfuilim ag obair le a lán daoine ó tharr lar. Rinne na hEarannaigh an-chuid iarracht caint liom as Gaeilge de gnáth, ach níl Gaeilge ró-íontach ag mó fhearr. Bhain mé an-taitneamh go deo as an seachtain agus táim ag tnúth go mór le seachtain na gaeilge náisiúnta atá ag teacht go luath.

Friday, December 5, 2008

Mála mór!

Níorbh ocras orm ach bhí rud bug binn blasta uaim. D'fhreastal mé ar an gcaifé sa foirgneamh chun 'brownie' seacláide a fháil, an áit is fearr in Éirinn le haghaidh rudaí mar iad. Tháinig díoma an domhain orm nuair a thug mé faoi deara nach raibh 'brownie' ar bith le fheiceáil. Ar tí imeacht, chas mé agus bhí mé faoi dheasc ag an meaisín milseáin. Ní raibh ionam a dhotháin láidreacht mo chosa a chur faoi iompar. I gceann nóimead bhí mála mór milseáin i mo lámh agus 80 cent níos lú i mo phóca. Mála an-mhór i ndairíre, is léir go ndearna an meaisín botúin. Chomh mhóir le na mála a fhaigheann tú sa phictiúrlann! Bhí orm iad a thabhairt go Risteard, nach íosfainn iad go léir gan smaoineamh.

Tá pian i mo bholg bocht anois.

:(