Thursday, November 27, 2008

Lón i m'aonar

Inniú bhí lón agam i m'aonar. Bheartaigh mé ar é a dhéanamh agus mé ar siúlóid beag ar maidin. Níorbh mo lá ag dul ar aghaidh ró-íontach agus bhí sos uaim. Den chéad am i mo shaol d'iarr mé ar freastalaí an bialann bord a réitigh do dhuine amháin. Ba léir nach dtarlíonn rudaí den sort seo go minic. D'amharc an freastalaí bocht orm ar feadh cúpla noiméid agus bhí orm méar amhain a thaispeáint dó roimh a tháining tuiscint air. Bhí meangadh gáire go léir ón freastalaí agus é ag treorú mé go dtí mo bhord aonarach. Bhí na cuistaimeirí eile ag stánadh orm, bhraith mé a súile ar mo dhroim. Chuaigh an ráfla tríd na freastalaí chomh tapadh le síota. Níor thug mé aird ar bith don scannal a thosaigh mé. Ní dhearna mé ach mo bhia a ordú agus mo leabhar a léamh. Cosúil le oileann beag i rás na hamhainne bhí mé tógatihe ón cathair agus mealladh an tsaoil. Thit fadhbanna an lae uaim. Bhí mé saor. Saor i chorp pairiliseach príomh-charactaer an leabhair. Thuig mé nach bhfuil aon rud níos tabhachtaí sa saol seo ach grá. Nach bhfuil ar éinne tabhachtas a bhronnadh ar aon rud neamh-fhíuntach. Tháinig suaimhneas ar mo chroí agus tá sé liom fós, cé go bhfuil orm imoibriú le deasghnátha neamhanamúil an lae. Bhain mé an-taitneamh as mo lón misniúil agus ba léir gur bhain na freastalaí an-chiud craic as freisin. B'fheidir go mbeidh a dhóthain misneach agam amach anseo dinnéir a thógáil le leabhar íontach i mbialann galánta.

No comments: